Cad é Esperanto?
Is teanga é Esperanto. Ach ní teanga aon tíre nó náisiúin ar leith é: is teanga neodrach, idirnáisiúnta é.
Bunús
Lazaro Zamenhof, dochtúir i Vársá, a mhol bunrialacha agus bunfhoclóir Esperanto. Laistigh de chúpla bliain bhí pobal domhanda de chainteoirí Esperanto ann. Ó shin i leith, tá Esperanto chomh feidhmiúil forásach le teanga ar bith eile.
Tréithe
Tá struchtúr an-rialta ag Esperanto. Go minic, déantar focail as roinnt rútaí eile, agus laghdaíonn sin líon na bhfocal atá le foghlaim agus le coinneáil sa chuimhne. Teanga fhogharlitrithe é. Bíonn an fhuaim chéanna le gach litir agus siolla i gcónaí, sa dóigh gur féidir le duine focal nár chuala sé riamh roimhe a litriú go beacht . Mar gheall air seo uilig ní deacair an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Tá an chuid is mó de na rútaí cosúil le fréamhacha as na teangacha Románsacha, Gearmánacha agus Slávacha. Ní chiallaíonn sin gur "meascán" de na teangacha seo Esperanto. Teanga ar leith é. Maidir le struchtúr, mar shampla, ní chloíonn sé le nós na dteangacha Eorpacha uilig.
Feidhmeanna
Tá Esperanto fíor-úsáideach le haghaidh chumarsáid neodrach ar an ábhar nach dtugann sé buntáistí do lucht aon chine nó cultúir. Cuireann sé timpeallacht ar fáil ina bhfuil comhionannas, caoinfhulaingt agus fíor-idirnáisiúnachas. Is féidir seo a fheiceáil í gcuid mhór suíomh: tionóil idirnáisiúnta, leabhair, irisí, ceol, an t-idirlíon ar ndóigh, agus go minic sa saol príobháideach agus teaghlaigh.
Tá go leor rudaí suntasacha is féidir le hógánaigh a dhéanamh trí mheán Esperanto: stopadh saor in aisce i dtithe daoine i dtíortha eile agus eolas díreach a fháil ar a gcultúr; sult a bhaint as féilte idirnáisiúnta agus oiliúint a fháil ag seimineáir shuimiúla; eolas a fháil ar theangacha iasachta eile agus tosú ar iad a fhoghlaim; agus, an rud deireanach cé nach é an rud is lú tábhacht é, is féidir bheith gníomhach le TEJO agus taithí a fháil ar a imeachtaí uilig.
Naisc
Cur i láthair den Teanga Esperantic Studies Foundation
|